School: An Bán Mór (roll number 9069)
- Location:
- Baunmore, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Mainnín

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 031
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bán Mór
- XML Page 031
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé an t-ainm atá ar mo cheanntar ná Baile Cláir na Gaillimhe. Sé an fáth a tugadh an t-ainm sin air mar tá an talamh ata ann cosamhail le clár. Teigheann abha an Cláir trid an talamh seo. Eirigheann an abha seo i nGleann na Madraí agus teigheann sí i sáile í Loc Coirib. Tá droichead breagh toighte aran abhainn seo í mBaile Cláir na Gaillimhe.Tá go leor staire ag baint le mo cheanntar féin. Ar an taobh thiar de abha an Chláir tá Mainistear Baile Cláir agus Caisleán Baile Chláir.Níl acht fothracha na Máinistreach le feiceál anois acht in a diaidh sin is feidir a rádh go raibh a chéird ag an duine a thóg é. Tá Cnoc Tuagha in mo cheanntar-sa freisin. Troideadh cáth millteach annseo sa mblian 1504. Ag an gcáth seo bhí fear ionad an riogh, An Ghearaltach ag troid in aghaidh an Bhurcaigh. San am cheadhna bhí paistí an Ghearaltaigh i bpriosún i Caisleán Baile Cláir. Fuair an Ghearaltach an buaidh san gcáth agus tar eis an chátha thainig sé go Caisleán Baile Chláir agus leig sé saor a pháistí.Tá fothracha sean-teach ar Cnoc Tuagha. Duine de(continues on next page)
- Collector
- Micheál de Faoite
- Gender
- Male
- Address
- Eochaill, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Coileáin
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Eochaill, Co. Galway