Scoil: An Bán Mór (uimhir rolla 9069)
- Suíomh:
- Baunmore, Co. Galway
- Múinteoir: Liam Ó Mainnín

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 040
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bán Mór
- XML Leathanach 040
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rinne an Gobán Saor an cuid is mó d'e caisleáin na hÉireann. Rinne sé an caisleán i mBaile Chláir. D'fágh sé comhartha ina ndiaidh cat agus naoi rubaill. Cuireadh fios air go Londan le caisleán a dhéanamh ann nach mbeadh a leitheadh ann. Nuair a bheadh sé criochnuighthe aige cuirfeadh siad cun bhais é,. sul a dhéanfadh sé caisleán eile san Dómhain mar é. Nuair a chuala sé é sin, dubhairt sé le'n na mháighistir gur theastuigh uaidh dúl abhaile le h-aghaidh úirlísí a bhí sa mbaile fhágail. Ní leigfeadh siad abhaile é acht go gcuirfeadh sé fear abhaile in a áit. Dhubairt Gobán go raibh sé sásta acht go gcuirfead sé litir abhaile chuig a bhean. Thug an fear an litir abhaile chuig an bean, 'Sé an rud a bhí san litir go raibh na h-uirlísi shíos i tóin bósca mór a bhí san teach. Nuair a bhéadh sé ag fághail na h-uirlisi e a chaiteamh san mbósca agus an glas a cuir air. Sé mac an Ríogh a thainigh i gcoinbig na h-uirlísí. Cuir sí freagra go Londan chuigh an Rí nach leigfeadh sí araís arís é go leigfeadh sé Gobán abhaile. Leig sé an Gobán abhaile agus níor críocnuigh sé an caisléan cor ar bít.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraig Ó Standúin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Dúigh, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Tómas Ó Standúin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Gort an Dúigh, Co. Galway