School: Scoil Éinde, An Spidéal
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Page 011
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Ins an am fadó bhí sípéara ina chomhnuidhe taobh shoir de Ghaillimh in aice le Béal Átha na Sluaigh.”
(continued from previous page)abhaile í, agus bhuail ar dhoras an tighe. D'osgail an mháthair an doras. Ó a mháthair ar seisean, craith an an [!] t-uisge corsice orainn agus craith é freisin thart timcheall an tighe. Céard atá ort adeir an mháthair, ó ar seisean, tá na daoine maithe in-a ndhiaidh. Rinne an mháthair amhlaidh. Thug an sípéara an bhean isteach sa teach agus tháinig a cainnt chuice. Tamall in-a dhiaidh sin, phós an bhean an sípéara. Tamall geárr in-a dhiaidh sin, bhí aonach le bheith i mBéal Atha na Sluagh. Dubhairt an bhean le na fear a dhul ag an aonach. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc, d'imthigh leis ag an aonach, chuaidh sé go ceann thoir an bhaile ar maidin sul ar thosuigh an t-aonach, agus d'fiafruigh sé de'n fhear a bhí ag tóigeál costum ar tháinig a léitheidh seo de fhear ag an aonach. Dubairt fear an chostuim nach dtáinig sé fós ar chom air bith, seo é ag teacht anois agus plód caoire aige, é fhéin agus a mhac adeir fear an chostuim. Chuaidh fear na gcaorach agus a mhac isteach ag an aonach agus thug an sípéara congnamh dóibh na caoire a chuir isteach ar an aonach. Dhíoladar na caoire go maith an lá sin. Nuair a bhí siad díolta d'fiarr an fear de'n sípéara cé'n fáth go dtug sé congnamh na caoire a chur isteach ar an aonach. Ó ar seisean, dhíol muid na caoire ar fad ar an bhfeilm, agus dubhairt mo mháighistir liomsa dhul ar an aonach agus féachuint cé mó an luach a fuair muid ar(continues on next page)- Informant
- Liam Ó Gráinne
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Doire Locháin Thiar, Co. Galway