School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 029

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 029

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 029
  3. XML “Scéal - Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    brionglóidí go raibh pota óir faoí talamh sa Saorsinn na bhForbacha. Bhí sé ag brionglóidí ar trí oidhche, an tríomhadh oidhche, dúbhradh leis dá dtéigheadh duine áithrigh eicínt in-aonfheacht leis go mbéadh sé lé fághail aige.
    D'imthigh leis de shiubhal oidhche, é fhéin, agus fear eile agus níor stop siad gur shroich siad Saorsinn. Thosuigh siad ag cartadh, agus nuair a bhí siad síos d'éirigh cat aníos as agus d'imthigh leis, ar an noiméad bhí an poll lán lé uisge. Bhuail siad abhaile, agus nuair a bhí in-a leabaidh, thosuigh sé ag brionglóidí nach raibh an fear ceart in-aonfheacht leis. Fágadh an sgéal mar sin. Bhí fear as Dúthigh Sheóige, agus ba é an t-ainm a bí ar, Tomás Buidhe an Mhuirisg. Bhí sé fhéin buidhe, agus ba as an Mhuirisg é, agus ba shin é an fáth gur tugadh Tomás Buidhe an Mhuirisg air. Bhíodh neac ag teacht ag Tomás go minic ach ní raibh aon áird aige ortha. Aon oidhche amháin tháinig sí agus dubhairt sí leis dá dteigheadh sé go droicead Luimnigh go raibh pota óir faoí shúil an droiceid. D'imthigh leis agus má's fada nó geárr a thóig sé ag dul ann, bhí sé i Luimneac le moc maidne. Isteach leis faoí shúil an droicid, agus bhí gréasuidhe istigh ann ag obair ar a dhicheall. Bheannuigheadar ghá chéile chéile, [!] agus d'fiafruigh an gréasuidhe de Tomás céard a thug an bealach cho moch sin é, muise arsa Tomás ó d'fiafruigh tú dhom é innseóchaidh mé dhuit é, agus d'innis sé an sgéal ar fad do'n ghréasuidhe. Muise a amadáin arsa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Folktales index
    AT1645: The Treasure at Home
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ó Fátharta
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Doire Locháin Thiar, Co. Galway