School: Baile Nua (roll number 15331)
- Location:
- An Baile Nua, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ua hUigín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua
- XML Page 124
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tuairm's céad go leith no dhá chéad bliadhain ó shoin, do chomnuigh tighearna talmhán thíos ar an gCnoc Bán....”
Tuairm's céad go leith no dhá chéad bliadhain o shoin, do chomnuigh tighearna talmhan thíos ar an gCnoc bán atá tuairims míle ó scoil (an) Bhaile Nua fear dona a bhí ánn, agus ní raibh tada ag deanamh imnidhe dhó ach tuille talmhan.
San am céadhna bhí dream eile de muinntir o h-Allmhuráin ina gcómhnaidhe ar Oileán an Caisleán atá ar loch an Chnuic Bháin. Bhí muinntir o h-Allmhuráin an bocht cé go raibh duithche talmhan acú. Ní raibh ina chómhnaidhe ar an oileán ach an Sagart O h-Allmhuráin agus a dhriotháir.
Lá amháin chuaidh an driotháir chómh fada leis an Tighearna talmhan agus d'iarr sé iasacht airgid air, agus go mbeadh sé lé'n íoc aige ar a leithidhe seo de lá, ag an dó-dhéag a chlog. Dubhairt an tighearna talmhan go dtúbharfadh, ach go gcaithfheadh o h-Allmhurán a dhúithche a chur i mbannaibh leis. Bhí o h-Allmhuráin sásta leis sin a dhéanamh. Anois fear glic, drochmhúinte, a bhí sa tighearna talmhan, agus níor theastaigh uaidh acht greim a fhágail(continues on next page)- Collector
- Tadhg Ua Fáthartaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Seanbhaile, Co. Galway
- Informant
- Tadhg Ua Cearra
- Gender
- Male
- Address
- An Seanbhaile, Co. Galway