School: Leamhchoill (roll number 10742)
- Location:
- Leamhchoill, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leamhchoill
- XML Page 309
- XML “Seanamhráin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanamhráin (continued)
“Acht pairceanna geala glérgeal agus thú fén a bhenn ós a gcionn”
(continued from previous page)An áit a mbéidhmíd go h-aerach go h-éag ar bheagán cíos.
Tá na comhursana ar gach taobh dhínn is deise ‘tá i n-Éirinn,
Is dá mairfeá ann na céadta blian, níor bhfada leat do shaoghal.
Is go mb’fearr liom ann ar aon chor mara bhfághann plúr ná tae,
Is go h-éag na racha mise ‘un geata mór arís.
An té a d’feicfeadh barr an t-sléibhe nuair a bhíos an ghrian ag éirigh,
Ní bhíonn duibheachain ins an spéir ann ná gangaid ins an ngaoith.
Tá an broc ar thaobh an ghleanna ann is sionnach ruadh na péice,
Is tá an girrfiadh ag bog léimnigh lé pléisiúr ins an bhfraoch
Bíonn údh na mbó ag pléascadh ag teacht abhaile ag géimnigh,
Is binn deas ceol na n-éanlaith ins na gleannta thigheacht na h-oidhche.(continues on next page)- Collector
- Brighid Cáirr
- Gender
- Female
- Address
- Tulaigh na nUan, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Chéide
- Gender
- Female
- Address
- Tulaigh na nUan, Co. Galway