School: Uachtar Árd (roll number 4786)
- Location:
- Oughterard, Co. Galway
- Teacher: An tSr M. S. Iognáid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Uachtar Árd
- XML Page 152
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag tabhairt bidh duit agus cifeadh mé anois an fear no spideóg thú. Rug sé ar an gcrann agus tharraing sé as na freamreacha é. "Is fear thú" ar sise agus racha tú amach amárach ag obair. An lá in a dhiaidh dimthigh sé leis agus bhí sé ag siubhal agus ag siubhal go dtáinig sé chuig teach feilmeara. Tháinig an feilméar amach agus dubhairt sé, "Cé hé tusa".
Buachaill mé atá ag lorg mo mhaighistir". "Fan agam-sa" arsa an feilmear. "Ba mhaith liom buacall a bheith agam chun mo chuid ba a aodhaireacht ar mo thalamh féin." Tá triúr fathac ar mo theorann agus aon bó liomsa a theigheas ar mo cuid talam marbuigeann siad iad.
"Ní béid faitchíos ar bith orm" arsa an buachaill "roimh na fathac". Nuair a thíomáin sé na bá amach chonnaic sé nach raibh giota féir le n-ithe aca i na gcuid dtalamh féin. D'fheach sé isteach ar thalamh na fathach agus chonnaic sé féar breagh ann. Lag sé balla mór agus chuir sé a gcuid bha féin isteach. Níorbh bfada in a dhiaidh sin gur tháinig fathach amach agus trí ceann air. Dubhairt sé leis an buacaill "iosfad(continues on next page)- Collector
- Nóra Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- Oughterard, Co. Galway
- Informant
- Mrs Walsh
- Gender
- Female
- Age
- 70