School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 237
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 237
- XML “Ainmhithe Neamhshaolta”
- XML “Scéal - Spailpíní Chonamara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus isteach ar an talamh ar an taobh eile den bhotar agus annsin d'imthigh sé as amharc.
OLLPHEIST LOCHA COIRIBBhí ollpheist i Loch Coirib fadó acht mharbhuigh Reamonn an Úrlaigh é i Sean Reilg Cille Cuimín. Tá an sgeul seo ar laeteanach 18. - Bhí triur spailpín i gConamara fadó agus lá amhain shiubhal siad ó Chonamara ar a mbealach go Gaillimh ar iarraidh oibre.Nuair a thainic siad go hUachtarárd chuaidh siad isteach idteach ósta agus thosuigh siad ag ól. Nuair a bhí a sáith olta aca sheas an cheud fear suas agus dubhairt sé go n-íocfadh sé féin an t-ól. Rinne an darna fear an rud ceadhna, agus rinne an triú fear an cleas ceudna. Bhí sé in a rúile búile aca annsin agus bhí bean an tighe bonn os cionn aca. Dubhairt sí leo é chur ar crannaibh. Dubhairt an cheud fear go raibheadar sásta acht go mbfearr puicín a chur ar bhean an tighe agus go gcaitfeadh an fear go mbéarrad sise air an tól ioc. Bhí sí sásta. Cuireadh an puicín uirthi agus annsin d'imtíg(continues on next page)