School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 255
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ar a' bPolach (Roscathail, Co. na Gaillimhe) tuairim 's trí scor bliadhain o shoin. Seamas Mac Carthaigh nu Cartúir ab ainm dó. Phós sé bean as Lios Uachtar, áit taobh thiar de Uachtarárd. Sé an spré a fuair sé le na mhnaoi gabhar agus caora. Ní raibh teach na árus (?) ag Seamas bocht nuair a phós sé ach níor bhain sin an mhisneach de. Nuair a bhí sé féin agus a bhean théis pósadh thug sé léi abhaile í agus ar an mbealach abhaile dóibh thug sé isteach i bpuitín gabhar. Ar an bpoinnte thosuigh sí ag clamhsán faoi an áit - bhí sé ró bhocht - ní raibh teallach ná simléar ann agus boladh láidir na ngabhar i ngach áit ann. Dubhairt Seamas léi go mbfearr é go mór ná an ait a bhí aige féin nach raibh ait ar bith aige. Fuair sé tuagh annsin di agus chuir sé iachall uirthi cleiteacha a ghearradh agus cabán a dhéanamh. Nuair a bhí sé sin deunta aici thug sé laighe di agus dubhairt sé léi scrachacha a bhaint agus iad a chur ar an gcabán. Fuair sé speal di annsin agus dubhairt sé léi cíb a ghearradh. Beigean di é a dhéanamh agus beigean di scolb a bhaint agus díon a chur ar an gcabán. An fhad is bhí sise ag obair bhí Seamas féin ina shuidhe síos ag caitheadh tobac.(continues on next page)