School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 364
- XML “Laethanta Áirithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Annsin thosuigh sí ag déanamh gaisge agus dubhairt sí nach raibh Márta i n-ann í a mharbhú. Tháinic fearg mhór ar Márta annsin agus d'iarr sé trí lá ar Aibreán. Thug Aibreán trí lá dó.Annsin tháinic trí lá millteacha fuar. An céad lá ní raibh an sean bhó i n-ann corruighe as an ngáirdín, an dara lá bhí sí sínte, agus an tríomhadh lá bhí sí marbh.
Má thagann deire an Fóghmhair go maith tugtar, "Fóghmhair beag na Géanna" air. Nuair a bhíos an coirce bainte ag na feirmeóiribh cuirean siad na géanna isteach ins an gcoinleach ag ithe na gráiní. Tugtar "gairbín na gCuach" ar tosach an Bealtaine. Deirtear go dtugann an cuach an aimsir garbh léithí. Má thagann an cuach go luath deirtear go mbíonn aimsir fhliuch ann.Tagann "rabhartha geala na cásca" am éicínt roimh an Cásg. Éirigheann na rabharthaí go h-an mhór an am sin de'n bhliain. Ní gnás le daoine dul ag bearradh caorach ar an Luain, mar adeir an sean fhocal, "Lomadh Luan bearradh Céadaoin." Ní théigheann siad ag bearradh caorach ar an Céadaoin, ach an oiread. Ní théigheann aon duine ag obair Aoinne Céasta.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Mártín Seóige
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Gowlaun, Co. Galway