School: An Gleann (roll number 12407)

Location:
Farravaun, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 385

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 385

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 385
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    teach a raibh an teine i lár an urláir acht chuala mé go raibh sé ar thaobh amháin de'n teach agus poll déanta ann leis an deatach a leigint amach. Ní raibh aon seimnéidh ann an uair sin.
    Ní raibh ach doras amháin innte an uair sin agus uareannta ní raibh ach screach innti agus srathar fághtha suas leis. Bhí leath doras i cuid de's na tighthibh freisin. Deirtear nach raibh fuinneóg ar bith innti ach b'fhéidir poll amháin agus slab fágtha suas leis.
    Móirtéal agus dóib a bhí mar urlár ins na tighthibh an uair sin.
    Dartacha agus giumhaise a bhí mar theine aca an uair sin. Bhí an ghiumh sin go han mhaith do theine nauir a bhíodh sé tirim agus bhí sé go maith freisin le h-aghaidh solar san oidhche.
    Sé an solas a bhí aca an uair sin ná na coinnle a rinne siad féin as breibh. Bhainidís iad an céad lá agus annsin cuiridís iad in aice na teine ar feadh cúpla lá. Annsin nuair a bheadh siad tirim bhainidís an craiceann díobh agus chuiridís i geis iad le h-aghaidh cúpla lá agus annsinn bheadh siad ceart go leór
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Collector
    Criostína Ní Fhlannchadha
    Gender
    Female
    Age
    13
    Informant
    Brighid Ní Fhlannchadha
    Gender
    Female
    Age
    Over 50