School: An Gleann (roll number 12407)

Location:
Farravaun, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 387

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 387

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 387
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean-Scéal
    Siad na Fianna na daoine is láidre a bhí i n-Éirinn fadó. Daoine cródha calma a b'eadh na Fianna sin. 'Sé Fionn Mac Cumhaill an taoiseach a bhí ortha.
    Lá amháin tháinig fathach go dtí teach Fionn le é a mharbhú. Chuir bean Fionn é isteach i gclíabháin agus nuair a tháinig an fathach isteach cheap sé gur páisde a bhí ann. Rug sé greim ar an gcuinneóg annsin agus d' ól sé lán de de [!] bhainne i slug amháin. D'ith sé pancóg annsin chomh mór le páisde bliain. D'imthigh sé annsin agus lean Fionn é agus chaith sé sclab mór de crefóg leis agus mharbhuigh sé é. D'fhág sé poll mór in-a-dhiaidh agus tugtar loch Neachach air, agus rinne sé Oileán Mannamáin leis.
    Bhí na Fianna amuigh ag seilg lá amháin agus bhí Óisín leo. Casadh bean gan aon chloigeann leó. Bhí slaitín in-a-láimh aici chuir sí an slaitín suas ar a ghuailne agus tháinig a ceann agus gruaig ar dhath an óir uirthi. Thuit Óisín i ngrádh léithe tug sí [!] i abhaile leis agus pósadh iad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Criostína Ní Fhlannchadha
    Gender
    Female
    Informant
    Brighid Ní Fhlannchadha
    Gender
    Female