School: An Gleann (roll number 12407)

Location:
Farravaun, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 388

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 388

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 388
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Annsin dubhairt sí le Óisín an chéad lá a bhuaileas tú mise caitheadh tú teacht liom go "Tír na n-Óg". Bhí coileán ag Fionn agus dubhairt sé le Niamh gan é a thabhairt do dhuine ar bith. Lá amháin thug Niamh an coileán do fhear uasal agus nuair a tháinig Óisín abhaile bhuail sé Niamh, agus annsin thug Niamh é go Tír-na-nÓg. Taréis trí chéad bliana tháinig sé ar ais agus casadh le Naomh Pádhraic é. Do bhaist Naomh Pádhraic Óisín agus bhí clama solais in-a-láimh aige agus chaith sé an clama solais uaidh. Nuair a d'iomhpuigh sé thart bhí an clama solais i gcos Óisín. Thóg Pádhraic amach é agus bhí brón ar Óisín annsin.
    Nuair a bhí Cú Chúlainn óg caitheadh isteach i mada marú é. Nuair a fuair na daoine é bhí na cú ag tabhairt aire dhó. Nuair a bhí sé trí bliadhna d'fhág a athair a mháthair. Nuair a bhí sé ag imtheacht annsin dubhairt sé le máthair Cú Chulainn bainne a thábhairt dó ar feadh seacht bliadhna, saill mairt a thábhairt dó ar feadh seacht bliadhna eile agus beidh sé in-a-fear mhaith annsin. Nuair a d' fhás Cú Chulainn chuaidh sé a' lorg a athair agus thug sé a sleágh leis. Casadh leis é
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Criostína Ní Fhlannchadha
    Gender
    Female
    Informant
    Brighid Ní Fhlannchadha
    Gender
    Female