School: An Gleann (roll number 12407)

Location:
Farravaun, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 407

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 407

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 407
  3. XML “Na Prátaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    teacht aníos déantar iad a fhódú. Annsin bíonn na dasacha go maith aníos as an gcreafóig nuair a déantar iad a lánú. Nuair a bhíos na fataí lánuighthe tá an cur mór déanta. Ní déantar tada eile arís leó go dtosaightear da mbaint acht amháin na dasacha a nigheadh le cloch gorm, cun an dubhacháin a choinneál dhóibh.
    Nuair a bhíos na fataí bainte ar an iomaire déantar iad a dtoghadh. Toghtar na fataí móra agus cuirtear i bpoll amháin iad agus cuirtear na fataí beaga nó na póiríní i bpoll eile. Déantar na fataí a chlúduigh annsin le deannach nó luaithre, agus déantar iad a iompughadh aris is aris eile i rith na bliadhna. Fágtar iad ins na pollanna go dtí an t-Earrach agus annsin cuirtear isteach i dteach iad.
    Dheinead na daoine stalc ó na prátaí fadó agus dheineadh siad cácaí bocstaoí agus cacaí prátaí freisin. Bhí an cáca bocstaoí déanta de phrátaí agus min-choirce. Déantar cácaí prátaí ins an áit fós. Bíonn cuasán i droch fata: sé sin spota bán ina lár. Bíonn an seiche briste de'n fhata nuair atá sé bruithte agus deirtear go bhfuil na fataí ag gáire. Bruthnóga a tugtar ar fataí rósta a bhíos ag daoine a bhíonn ag obair amuig ins an bpáirc.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female