School: Leitirmucadha (roll number 13951)
- Location:
- Leitir Mucú, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Ó Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmucadha
- XML Page 014
- XML “Seanscoileanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scoileanna scairte a thugtaí ar na scoileanna a bhí sa gceanntar seo sarar cuireadh scoileanna náisiúnta ar bun. San Samhradh amuigh chois claidhe a bhíodh na scoileanna dhá múnadh acht sa nGeimhreadh is istigh i dteach no i sgioból a bhíthí ag múnadh. I sean-sgioból a bhí an scoil dhá múnadh i Leitir-Móir. Nuair a scaoiltí na beithidhigh amach as an sgioból ar maidin thagadh an máighistir agus na gasúir agus ghlanaidís amach an sgioból agus bhídís ag fóghluim ann as sin go tráthnóna.Sé’n chaoí a dtugadh muinntir an bhaile fear fóghlumtha amach as teach na mbocht le iad fhéin agus a gclann a mhúnadh. Níl tásg ná tuairisg ar a n-ainm ná ar a sloinne mar stranséaraí a bhí ionnta. Bhídís tamall in gach teach ar an mbaile agus nuair a bhídís ag múnadh sén chaoí a múinidís an rang uilig i n-éinfeacht. Go deimhin ní raibh aon pháighe uathbhásach ag dul dhóibh. Chaithfeadh gach gasúr cúpla pinginn a íoc leis gach maidin luain le na múnadh ar feadh na seachtmhaine.Ní mórán a bhíthí a mhúnadh dhóibh, beagáinín beag áireamh, beagán tír eólas, agus roinnt Gaedhilge. Bhíodh Gaedhilge ag furmhór na muinteóirí agus sí a labhraidís sa scoil, mar bhí roinnt meas aca uirthi.Ní bhíodh leabhar ná peann ag na gasúir an t-am sin acht slinnte agus staic de chloch aoil le scríobh ortha.(continues on next page)
- Collector
- Colm Cartuir
- Gender
- Male
- Informant
- Mícheál Ó Ráinne
- Gender
- Male