School: Inistrághamhóir (roll number 15449)
- Location:
- Inis Treabhair, Co. Galway
- Teachers: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inistrághamhóir
- XML Page 136
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus aon oidhche amháin bhí bríonglóid aige go raibh mála óir i bfolach ar bhóthar luimnígh. Chuaidh sé ann agus bhí sé seachtmhain ag imtheacht ag cuartú an óir ar an mbóthar nó gur casadh fear air. Feicim thú lé seachtmhain ag imtheacht thart annsin arsa an fear leis agus céard tá tú ar a lorg. Tháinig briongloid agam ar seisean go raibh ór i bfolach ar an mbóthar séo agus tháinig mé ann dhá chuartúghadh. Muise nach tusa an t-amadán arsa an fear leis, tháinig brionglóid agamsa uair go raibh pota óir i bfolach i dtum aitinn i Rosmuch agus níor thug mé aon áird air. D’imthigh an fear a bhí ar thóir an óir agus tháinig sé go Rosmuch san áit a raibh an fear eile ag caint air agus fuair sé an t-ór agus thug sé abhaile leis é. Bhíodh an pota ag bruth fataí agus gac rud, agus aon lá amháin tháinig fear siubhail isteach agus chonnaic sé an pota ar an urlár agus rud éigin sgríobhfadh air. Chuaidh sé go dtí é agus séard a bhí sgríobhfa ar an bpota nach feárr an taobh sin d’en tum ná an(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Chadhain
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Inis Treabhair, Co. Galway
- Informant
- Pádraig Ó Cadhain
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Inis Treabhair, Co. Galway