School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 196
- XML “Smaointe ar an mBliain 1921”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Smaointe ar an mbliain 1921
A Ógánaigh na h-Éireann cuidigidh le chéile
Tá'n t-am ag fagháil ag Gaedheala le Gaill a chur ar lár
Tá Seán Buidhe bradach bréagach a'teannadh amach sna déaga
Níl lúdh ina ghéaga ná spionnadh na chuid cnámh
Anuraidh, Dia dhár réidhteach, nach é a bhí go péacach
ag tfann 's ag béiciúch go h-arannta ar Ghaidhil
Gan cóir ná ceart a iarraidh ó Dhún na nGall goCiarraighe
Ach fulaingt leis na pianta go gcruinnigheadh seisean spré.ll
Bhí an creachadóir i mbliana a'taisdeal trí an tír seo,
ag iarraidh bheith a bribeáil 's a ceannacht 'Éire Óg'
Ach níl aon áit sa tír seo ag báille cam ná spíodóir
Níl fasga ann ag píléar, ná rud ar bith dá shórt.
Má tá siad gheanamhail críonna 7 iompódh leis na daoine,
Atá a' siubhal sa t-lighe cheart, tá am acu go fóill,
le maitheamhnas a iarraidh ar Son Mhac Mhuire Naomhtha
Faoi a bheith a déanamh tíoghbhais do Sheán an Bhoilg Mhóirlll
Sé Seán an bacach críochnauigh' nár ghéill ariamh do Chríostaidhe
Is gearr ó thug sé iarracht ar Chaitlicigh a chrádh:
Ag scolltacha a righlú 's múinteóirí a dhaoradh
Mara múinfidíl an bíobla a bhí ag cineál Sheaín
an bíobla sin, sé shílim nach é a bhí ag Maoise
Ag Bríghid ná Pádraic Naomhtha ag Peadar ná ag Pól.(continues on next page)- Collector
- Tomás Mac Confhaola
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An tSraith, Co. Mayo