School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 204
- XML “An Dá Chreideamh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ua Conchubharaigh - Séamus O Concubhair agus Pádraic O Concubhair - in Árainn a bhíodar ar dtús. Tháiniceadar amach go Conamara annsin. Bhí Padraic sa gCeathramhadh Ruadh agus Séamus i nGarumna.
Sé Séamus a rinne an t-amhrán sin
"An Dá Chreideamh"
Cuireadh i gcló é sa "Stoc" blianta beaga ó shoin
Sé Pádraic a rinne "Amhrán an Ghearáin".
San am a raibh sé in Árainn bhíodh líon dá shaothrú ar an Oileán. Ghnitheadh na daoine féin obair an lín uilig. Ghnídís snáth dhi le haghaidh eangacha agus eile. San am áithrid seo bhí an líon ag muinntir an oileaín agus é sgartha amach aca i nGarrdha Bán dá thuaradh. Chuaidh gearán le fear eile isteach sa ngarrdha san oidhche agus thosuigh sé dá ionfairt féin san líon. Thosuigh an líon a' casadh timcheall air agus faoi dheire ní raibh ann ac meall mór lín agus gan an gearán le feiceál chor ar bith. Nuair a tháinic na daoine agus a chonnnaic siad an bhail a bhí ar a gcuid lín bhí siad a' dul le cois, le fear an ghearáin. Casadh fear an ghearáin le Pádraic O Conchubhair ar maidin, agus Padraic a' dul 'un na trágha. D'innis sé an sgéal do Phádraic. Bhí sé a' ceapadh nach bhfágfadh óinéaraí an lín(continues on next page)- Collector
- Tomás Mac Confhaola
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Tomás Mac Liam
- Gender
- Male
- Address
- Inis Bearachain, Co. Galway