School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 245
- XML “Stail Uí Dhúgáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Stail Uí Dhúgháin.Bhí Rí ann aon uair agus bhí mac amháin aige. Cailleadh a bhean nuair a bhí an mac cúpla bliain agus chuir an Rí an mac go dtí a shean-mháthair le aire a thabhairt dhó.
Phós an Rí an dara huair.
Lá amháin chuaidh sé amach ag fiadhach agus d'fhága sé a bhean istigh.
Tháinic bean feasa isteach go dtí a bhean agus d'fhiafruigh sí dí cé'n fáth gur phós sí baintreabhach.
"Ní baintreabhach atá pósta agam," adeir sí.
Seadh, adeir an bhean feasa agus tá mac leis ag a shean-mhátair le fada agus thug sí aire dhó, ó bhí sé 'na pháiste.
D'imthigh an bhean-feasa annsin.
Nuair a tháinic an rí isteach dubhairt a bhean leis go mba baintreabhach a bhí ann. Dubhairt seisean nár bheadh acht dubhairt sise gur bheadh mar go raibh mac leis ag a shean-mháthair. D'innis an Rí annsin dhí gur baintreabhach a bhí ann.
Dubhairt sí nach níosfadh sí aon greim nó nach nólfadh sí aon greim nó go dtugadh sé an mac i láthair.
Dubhairt an Rí nach dtabharfadh acht béigin dhó é do dhéanadh.(continues on next page)- Collector
- Siúbhán Ní Ráighne
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Calaidh, Co. Galway
- Informant
- Liam Seóige
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Inis an Ghainimh, Co. Galway