School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 278
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.Bhí fear ann fadó agus bhí aon inghean amháin aige. Lá amháin chuaidh sí go dtí an sgoil agus nuair a tháinic sí abhaile bhí droch sgéala roimpe.
Bhí a máthair básuighthe agus bhí fhios aice go maith cen saoghal a bhí in dhán dhí uaidh sin amach. Bhí sochraide mór uirthí Bhí daoine go leór ann as gach áit.
Nuair a bhí sí bliadhain cáillte phos an t-athair aríst agus shil an inghean go mbéa[dh] droch shaoghal aice fhéin uaidh sin amach.
Bhí páiste ag bean an fhir ní bhíodh saoghal chomh breágh ag an leas inghean uaidh sin amach.
Lá amáin bhuail an leas-mháthair í agus d'imthigh sí leí go dtí a sean mháthair. agus dinnis sí a sgéal dhe.
Dímthigh sí féin agus a leas-mháthair leí go dtí an teach.
Mharbhuigh siad an leas mhathair agus a h-inghean ní raibh fhios cé a mharbuigh iad.
Chuaidh sí féin agus a inghean abhaile annsin agus iad sásta go maith leó feín.- Collector
- Bríghid Ní Confhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Tomás Mac Ghiolla Ghairibh
- Gender
- Male