School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 296
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann fadó agus bhí sí pósta.
Bhí aon inghean amháin aice.
Ní dhearnadh an inghean blas ó rugadh í ach í na suidhe síos ó mhaidin go h-oidhche.
Aon lá amháin dubhairt a máthair léi nach mbeathóchadh sí fhéin í níos mó agus go gcaithfheadh sí imtheacht léi agus a beatha a shaothrughadh. D'imthigh sí léi annsin agus casadh bean dí agus dubhairt an bhean go raibh sí ar thuairisg cailín. Dubhairt an cailín go rachadh sí léi. D'imthigh an bheirt aca go dtí an teach. Lá'r na bhárach d'éirigh an cailín go moch. Réidhtigh an bhean a bricfeasta don chailín annsin agus d'ith sí é. Annsin thug an bhean isteach i seomra í nach raibh ann ach olainn agus dubhairt sí léithe gach uile ribe de'n olann sin a bheith in na shnátha aice sul dá rachadh an ghrian faoí tráthnóna. D'fhan an cailín suas sa seomra agus ní raibh sí indon lámh ná cos a leagann ar an olann. Bhí sí annsin agus í na staic. Ba ghearr go dtáinig bean isteach thríd an bhfuinneóig a raibh "láimh fhada uirthe. Doibhrigh an bhean seo uirthe ag déanamh an t-snátha agus ba ghearr(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Fhualáin
- Gender
- Female
- Informant
- Stiophán Mac Fhualáin
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway