School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 297
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go raibh an olann in a shnátha aice.
Dubhairt an bean leis an gcailín a rádh le bean an tíghe gurab í fhéin a rinne an snátha. Dubhairt an cailín go ndéarfhadh. Tháinic bean an tíghe tráthnóna agus bhí buidheachas mhór aice ar an gcailín.
Annsin d'ith an cailín a béile agus chuaidh sí a chodhladh. D'éirigh sí go moch aríst ar maidin agus thug an bhean isteach i seomra í a bhí lán le flainnín agus dubhairt sí léi ball de cuile éadach a bheith déanta aice sul dá rachadh an ghrian faoí tráthnóna. Chuaidh an cailín isteach san seomra agus ní raibh sí indon snátha a chur sa t-snáthaid, ní hé amháin ball de chuile éadach a bheith déanta aice. Ba gearr go dtáinic bean isteach a raibh "cos fhada" uirthe agus thosuigh uirthe ag obair go dian agus ba gearr go raibh ball de chuile éadach deanta aice. Annsin dubhairt sí leis an gcailín dá bhfiafhruigheadh an bhean dí an í féin a rinne an t-éadach a rádh gurab í. Annsin tháinic an bhean isteach agus dubhairt sí go mba togha cailín í amach is amach. Annsin thug an bhean isteach í agus d'ith sí a béile. Chuaidh sí a chodhladh agus d'éirigh sí go moch ar maidin. Thug an bhean isteach i seomra í a bhí lán le ceirthlíní snátha(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Fhualáin
- Gender
- Female
- Informant
- Stiophán Mac Fhualáin
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway