School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 325
- XML “An Fear a Tháinig ar ais”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá bean ina comhnuidhe sa leic, baile beag atá ceathramha míle taobh thoir dhó seo. Agus sé an faisuin a bhíodh aice chuile (lá) oidhche ag bagairt ar an ngadhar agus dhá thiomáint amach ar an tsráid.Oídhche amháin rinne sí é agus tamall 'na dhiaidh sin buaileadh ar an doras.D'éirigh sí de'n chathaoir agus d'osgail sían doras. Labhair an guth leí ó'n taobh amuigh agus ar seisean: -- '"Is fada mé ag brath ar a theacht go dtí thú acht bhí mé ag ceapadh nach raibh sé de mhinseach agat labhairt liom. Is mise do dhreáthair agus chaon oidhche a bhí mé ag teacht go dtí thú, shaghad tú an gadhar ionnan agus féach an bhail atá ar mo chosa.""Muise," arsa an drifúir, "an tú atá ann a dhearbhráthairín,""Is mé" ar seisean."Céard a thug ar ais thú" ar sise, "nach fada básuighthe thú.""Muise cliabh móna a ghoid mé ó m'oncail" ar seisean "nuair a bhí mé ar an saoghal seo agus níor thugas ar ais ariamh é, agus tháinig mé ar ais ag ceapadh go n-íocfá-sa dhom é. Ní leisgfí isteach do na flaithis mé nó go níocfainn an cliabh móna.""Muna n-íocfaidh mise é" ar sise " íocfaidh mo dhearbhráthair eile dhuirt é." "Ná híocadh" ar seisean "ach íoc thú fhéin é." "Íocfadh, mar sin, ar sise."Ar an bpoinnte is a bhí an focal "íocfadh" ráidhte.(continues on next page)
- Collector
- Máire Nic Confhaola
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Úna Nic Confhaola
- Gender
- Female
- Age
- c. 40