School: Oileán Iarthach
- Location:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Oileán Iarthach
- XML Page 353
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)11. Siúd sa gclúid é is dhá chéad suil air (pota anbhruit)
12. Tá sé annseo is tá sé annsiúd, ta sé i-ngáirdíní Bhaile Átha Cliath, tá sé ins na siopaí is ní díoltar é. (grian)
13. Tá fear annsin thoir is níl putóg in a chorp nach bhfuil na sheasamh leis an olc. (gunna)
14. D'osgail sé chomh luath le doras is dhún sé comh luath le trap. (sgat gréine)
15. Cleiteacha éanacha geala d'eiteall siad ó Meiriceá go h-Éirinn is ní raibh siad beo (sneachta)
16. Tobairín fíor-uisge i ngleann sléibhe is dorasín cré air. (suil duine)
17. Crap sáile faoi bhun coille is gan aon easna ann. (seilmide)
18. Droichead ar loch ga [!] maid gan cloch. (leac-oidhre)
19. Ceithre fhear déag ar aon leaba amháin is gan aon duine aca ar colbha. (rotha túirne)
20. Sín amach do lámh ar t'aghaidh cífear rud nach bhfuil is nach mbeidh. (chomh-fhad na méar.)
21. Cé an mhí is lugha a deanann na mná cainnt. (Mí Feabhra)- Collector
- Brighid Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Address
- An tOileán Mór, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Liodáin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 71