School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sean-bhean ann fadó agus bhí beirt ingean aice. Bhí duine aca pósta agus bhíodh a fear amuigh ag obair go mbíodh sé n'oidhche. Dubhairt sé leis an inghean nach rabh pósta a máthair a thabhairt léithi. "Mara mbéidh rud eicínt déanta léithi ins an oidhche amáireach déanfa mise mé féin rud eicínt léithi" adeir sé. Chuaidh sé ag obair an chéad mhaidin eile agus nuair a tháinic sé tráthnóna ní rabh an t-sean bhean imthighthe roimhe. An tríomhadh lá fuair an inghean cóta agus buidéal bainne. Chuir sí an cóta ar a máthair agus thug sí fhéin an buidéal léithe. Chuir sí a máthair ar a druim agus d'imthigh sí. Bhí sí ag siubhal ach ba gearr gur leig sí a sgíth. Thug sí an bainne dhá máthair. D'imthigh sí annsin. Bhí sí ag siubhal agus ba gearr go bhfaca sí teach i bhfad ón áit a rabh sí. Rinne sí ar an teach agus tháinic sí isteach. Bhí bean istigh ann agus bhí sí ag caoineadh. "Muise an miste dhom fiafruigh dhuit cé an fáth a bhfuil tú ag caoineadh" adeir sí? "Ní miste" adeir sí. "Cailleadh fear óg ar an mbaile seo agus caithfe duine éigin a bheith dhá chionn chuile oidhche agus sé mo mhac-sa a chaithfeas a bheith ann anocht."(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Neachtain
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Máire Ní Ghrillghais
- Gender
- Female
- Age
- 80