School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 062
- XML “Tá na Páipéir á Shiniú”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá na páipéir ghá sineál is tá na saighdiúir ag dul anonn
Tá na drumadóirí aoibhinn áerach, is Clann Na nGaedheal ag gabhail go tír na long
Dhá mbeadh agam is duit a bhéarfainn céad is dhá bhó
Ar chúntar is go mbéinn mar Rún leat go Condae MhuigheoAg luighe dhom san oidhche 'sí m'osna bhíonns mór
Is ag eirigh dhom ar maidin 'sí mo pháidir mo dhéor
Tá gruaig mo chinn ag tuitim is ag imtheacht mar an ceó
Is le cumha indiaidh mo stóirín ní bhéidh mé i bhfad beoNuair eirighim-se amach go h-uaigneach agus nuair a fhéachaim uaim ar an gcnoc úd thall
Smaoinighim ar an gcúilín durlach a d'fág an cruadh arainn tré mo lár
Tá mo chroidhe istigh 'na leac de gual dubh is fear mo thruagha níl ach Rí na ngrást
Is fé brí cailín óg a bhéarfas uaim thú go síntear síos í i gconra chláirTá mo stocaí is mo bhróga is iad stróicighthe liom síos
Tá mo ghrádh geal pósta is mo bhrón géar le sníom
Tá giní i dteach an óil orm is níor ól mé 'Riamh dha phighinn
Ach mo bhrón ghéar a mhíle stóirín gan muid ól seal aríst.(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Máirtín Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Doire Fhatharta, Co. Galway