School: An Cnoc (Leitir Mór)
- Location:
- An Cnoc, Co. Galway
- Teachers: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Mac Dá. Bhí sé pósta agus bhí mac aige a nglaoidhtí Solamh air, mar bhí sé an-chríonna. Bhí go leor páistí eile ag an bhfear, freisin. Bhí a máthair tinn agus bhí curtha snas ag Rígh na Gréige léithe a leigean uirthi go raibh sí caillte agus nuair a chreidfeadh a fear go raibh go gcuirfeadh sé féin a chuid fear le í a thabhairt do'n Ghréig. Chuir sí an sgéala ag Rígh na Gréige go mbeadh sí dhá cur anocht agus a bheith ah faireadh le go mbeadh a fhios aige cá mbeadh sí dhá cur, agus í a thabhairt leis do'n Ghréig.
Nuair a bhí an mháthair caillte bhí siad uilig go brónach. Bhíodar uilig ag caoineadh ach Solamh. "Muise, shílfeá go mbeitheá-sa ag caoineadh, a Sholamh," ars an t-athair leis. "Ó, nach bhfuil sibh uilig ag caoineadh" arsa Solamh, "agus cé'n mhaith mise a bheith ag caoineadh." Bhí a fhios ag Solamh go dtiocfadh Rí na Gréige agus a chuid saighdiúr, agus nuair a tháinig an oidhche d'imthigh leis amach go dtí an uaigh. Bhí go leor coillte ann agus chuaidh sé i bhfolach ionnta. Thug sé trí éan leis - lon dubh, céirseach agus smólach. Ní raibh sé i bhfad ann nuair a tháinig an Rí(continues on next page)