Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. Galway
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 103
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 103
- XML “An Táilliúir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ta aon tailliur amhain sa mbaile agus ni he an tailliuir firinneach an tailliur sin. Ta se an bhacach agus ni fhagann se an teach. Bhiodh se ag imtheacht o theac go teac fado acht o thainic an aois air ni fhagann se an teach. Is ag gearradh misiuir a thugadh o teach go teach e. Tugann na daoine aige an t-adhbhar agus deanann se an ball a dearfas siad leis. Annsin togann se a misiur. Bionn snaithe agus snathadai aige fein acht ni bhionn aon n-eadach aige. Corr thailliur a mbionn an t-eadach aca. Fiafruigheann na daoine dhe cen la aithrid a beadh se deanta. Innsigheann se e agus cheapfa ar a cuid chainnte nach rinne se aon bhreag ariamh. Tagann na daoine an la aithrid. Fiafruigheann dhoibh ce mbionn siad ag dul. Deireann siad-san "ag iarraidh mo chuid eadaigh". "Deamhan a bhfuil se deanta fos" a dearfas an tailliur agus cuimnigheann se ar phlan ag iarraidh an aimsir a cur thairis. Deireann se go raibh se ag deanamh culaith go gasuirin nach raibh falach do na seacht n-eadai air. Tugann se la aithrid eile annsin uaidh.