School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 105
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Druim
- XML Page 105
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ta tobar beannuighthe thios ag an gcladach i bpoll Ui Mhuirinn. Tobairin Caladh na Leice a thugtar air. Deirtear gur Naomh as Arainn a rinne e. Bhiodh go leor Naoimh ag teacht amac as Arainn an tam sin. Is iad a rinne an Teampall ata sa Roilig. Thugadar go leor clochaibh aoil amach le haghaidh an Teampuill. Thugadar clocha aoil amach le haghaidh na gcoirneil a bhi air, le haghaidh an dorais agus na bfuinneoga. An Altoir a bhi ann bhi si deanta de chloc aoil. An la seo thainic duine acab amach go dti an Teampall. Thainic se idir ans an ait a bhfuil an tobairin. Is rinne se an tobar an la sin. Ta se deanta ins an leic. Nil ann ach braoinin beag uisce. Nuair a bhi an tobar deanta aige luigh se siar le na sgith a leigeann. Thuit se ina codladh. Ta an ait indiu le feiceal. Ta an ait ar luighe se le feiceal ins an leic. Ta ait eile ann freisin a mbiodh na curacha fagtha ag na Naoimh. Is ar Dhomhnac a thugtar na turasacha air. Fagann na daoine rudai ina ndiaidh chuile uair da dtugann siad turas ann le omos do'n te a rinne e. Fagann siad paidrini, buin agus pingneacha.
- Collector
- Pádraic Breathnach
- Gender
- Male