School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 420
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)síolta air. Lár na bháireach d'imthigh sé ag saothrughadh agus bhí sé ag imtheacht ar feadh an lae agus sa deire tháinig sé chuig teach fathaigh agus d'iarr se lóistín go maidin ann. Chuir an cailín faoí an bpota é ar fhaitchíos go marbhóchadh an fathach é. Is gearr ina dhiaidh sin go dtáinig an fathach aniar as an seómra agus cláirseach aige agus thosuigh sé ag seinm ceóil agus ní raibh sé i bhfad ag seinm nuair a thuit sé in a chodladh. Nuair a fuair an fear seo in a chodladh é rug sé ar an gcláirsigh agus rith sé abhaile. Dhúisigh an fathach agus lean sé le gunna é. Nuair a bhí an fathach ag teacht i ngar don teach chuaidh sé suas ar chrann mór le na chaitheadh. Nuair a fuair an fear an fathach thuas bhuail sé an cránn le tuath agus thuit an fathach anuas marbh. Phós an fear(continues on next page)
- Collector
- Maighréad Nic Donnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Laighidh
- Gender
- Male
- Age
- 96
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway