School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
![The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 051](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0072%2FCBES_0072_051.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 051
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ní fhanfadh leis bhí sé ag teach an fhathaigh mhóir. Chuaidh sé isteach agus bhuail sé cnág ar dhoras an halla. D'éirigh an fatach mór agus d'osgail sé an doras. "Fú Fá Feasóg ceárd a chás an t-Éireannach annseo nó a gcuireadh mé ag feadáil ag dul suas é agus ag crónán ag teach anuas, is mór liom de ghreim é is beag liom dhe dhá ghreim é mar a gcuiridh mé de shéideóg don Domhan Thoir é nó ag dúnadh mo bhróga." Bhuail sé de'n cáca faoi an tsrón é agus bhí a shrón chomh mór is gur chuir sé an cáca ar fad suas ann. "Goirim fhéin is coirsigmic thú a allta mhic mo dheirbhsiúra nach gránna an fallántas a bhí agam dhuit" arsa an fatach. Nuair a shíl sé láimh a chraitheamh leis sín sé an chnáimh chapaill aige agus rinne sé mion sprúnaigh dhe le teann luthmhaire. Thug sé isteach é agus chíor sé a cheann is nígh sé a chosa. Bhí trian le fiannaidheacht, trian le sgéalaidheacht agus trian le cleas is lúgh is gáisge aca arís go maidin. Ó mhocaidh ar éirigh an lá d'éirigh mac an ríogh chuimil sé bois dá shúile, bois da ghluineadh is bois da mhaillí aghus bhí sé ag dul amhach. "Cá bhfuil tú ag dul indiu a allta mhic mo deirbhsiúra" arsa an fathach. "Mac riógh as Éirinn fé gheasaí mé" arsa mac an ríogh. "Cé na gheasaí atá ort" arsa an fatach. "Gan an dara greim d'ithe ar(continues on next page)
- Informant
- Séamús Ó Congalaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír an Fhia, Co. Galway