School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
![The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 054](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0072%2FCBES_0072_054.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 054
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an fallántas a bhí agam dhuit." Shíl sé lamh a chraitheamh leis agus shín mac an ríogh an chnáimh chapaill aige. Rinne sé smidíriní de'n chnáimh le teann luthmhaire. Thug sé isteach é agus chíor sé a cheann agus nigh sé a chosa. Thug sé blas gach meala ar bheal gach cupán dhó agus blas gach biadh ar gach bord. Bhí trian le fiannaidheacht, trian le sgealaidheacht agus trian le cleas is lúgh is gáisge acha aríst go maidin.
Dá mocaidhe ar éirighe an lá d'éirigh mac an ríogh chuimil sé bois dá shúil, bois dá mhallaí agus bhí sé ag dul amhach. "Goirim fhéin is coirsighim thú a allta mhic mo dheirbhsiúra cá bhfuil tú ag dul indiu" asra an fathach. "Mac ríogh as Éirinn faoi gheasaí mé" arsa mac an ríogh. "Cé na geasaí atá ort"? arsa an fathach. "Gan an dara blogam ól as aon chupán ná an dara greim d'ithe ar aon bhord ná an dara néal a chodladh ar aon leabadh go n-abróchaidh mé go mbeannuighidh Dia isteach annseo tigh sean nduine na féasóige liatha". "Fán in éindigh liomsa" arsa an fathach "agus ní thiubhraidh mé an dara greim ar aon bhord dhuit, ná an dara blogam as aon chupán, ná an dara néal ar aon leabadh an fhad is mhaireas tú. Tiubhraidh mé leath mo ríoghacht le mo beo dhuit agus an leath eile le mo mharbhughadh, mo shlaitín dhroidheacht agus mo chumann beatha." "Ní racaidh mé a codladh coidhche faoi gheasaí" arsa mac an ríogh. Ó(continues on next page)- Informant
- Séamús Ó Congalaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír an Fhia, Co. Galway