School: Tír an Fhiaidh

Location:
Tír an Fhia, Co. Galway
Teacher:
An tSr Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 113

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 113

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír an Fhiaidh
  2. XML Page 113
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nodlag ní hé amháin pósadh an lá sin. Tugtar lá chrosta na bliadhna ar an lá sin nó lá na leanbh. Más ar an Diardaoin a thagadh an lá sin bhíodh na sean-ndaoine ag coineál suas an lae sin gach mí ar feadh na bliadhna dá gcionn.
    Bhíodh pirseógaí acha freisin ag rádh nár cheart pósadh lá báistighe mar déiridís go mbéadh an fear nó an bhean ag silt.
    Níor mhaith leis na sean-ndaoine aoinne a leigint ag pósadh aimsear cheangal an árbhair sé sin bfóghmhar. Déiridís rud ar bith a cheangleochaí an t-am sin go gcaitfidhe é sgaoileadh aríst.
    Nuair a bhíonn an bhean ag dul le bheith ag comhnuidhe thoir pósann sí Dia Luain, agus nuair a bhíonn sí ag dul siar pósann sí Dia Máirt.
    Déireadh na sean ndaoine:-
    "Luan soir agus Máirt siar".
    An cleamhnas:- Fadó thagadh beirt sean-ndaoine ag iarraidh na mná athair an fhir agus sean-fhear eile ar an mbaile. Dá bhfuigheadh siad an bhean an oidhche sin thiocfadh triúr nó ceathrar de dhaoine muinntreach faoi cheann cúpla oidhche eile ag déanamh an cleamhnais. Tosuigheann an dream a thagann dá hiarradh ag iarraidh spré léithi, ag iarraidh airgeadh má bhíonn sé le fágháil sin nó eallach nó talamh. Mar a dtiocfadh na sean ndaoine le chéile is éasgaidh leo an cleamhnas a bhriseadh suas. Is
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish