School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 209

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 209

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 209
  3. XML “Poll Tí Lábáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    in a dhiaidh agus bhí sé ag dearcadh isteach ar an bhfuinneóig. Nuair a chuaidh sé ar ais leis an miosúr "Tá airgead ad" ars an mac mór. "Tá" adeir an mac beag "nár dhubhairt mé leat go mbéidh an sgéal ab' bfearr dhom a chonnaic mé riamh é an bhó sin a mharbhú". Meas tú dá mharbhóchadh mise cupla ceann do mo chuid ba an bhfuighinn trí céad punt an ceann ortha". "Níl fhios agam adeir an mac beag níl mise dá rádh leat, bíodh do chomhairle féin agad".
    Mharbhuigh sé trí ceann d'á chuid bha agus thug sé leis na croicinn chun 'na margadh acht dá mbeadh sé annsin ó shoin ní fiafróchaidh na croicinn dhó. Tháinig sé abhaile annsin agus dubhairt sé leis an mac beag go marbhóchadh sé a mháthair air. "B'féidir gurabh é an sgéal is fearr dom a chonnaic mé ariam" ar seisean. Agus mharbhuigh sé a mháthair air.
    Chuir an mac beag síos i mála í agus bhí margadh le bheith i láthair an lá céadhna agus bhí teach fir an tsaidhbhir in aice leis agus bhí bean an fhir tsaidhbhir ar an margadh. Bhí aithghiorra soir ó theach an fhir seo agus bhí tobar ar thaobh an bealaigh. Nuair a bhí bean an fhir tsaidhbhir ag tigheacht abhaile chaith an mac beag a mháthair isteach sa tobar agus rith sé go dtí an teach. Dubhairt sé go raibh a máthair ag ól dighe sa tobar agus gur chaith an chlann is teach í agus iad ag dul fé déin canna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Seoighe
    Other names
    Seán Seoighe
    Tomás Seoighe
    Gender
    Male
    Age
    12
    Address
    Seanadh Farracháin, Co. Galway
    Informant
    Seán Seoighe
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    Seanadh Farracháin, Co. Galway