School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 245
- XML “An Gearrán Bán”
- XML “An Gabha agus an Fathach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá Sorcha sa seimhiú rang. Chualaidh sí an sgéal seo ó Mháire Bean Uí Bhriain 80 bliain. Sgríobhadh an sgéal seo ar an 31-X-’36.
- Oidhche amháin bhí an gabha ag obair an mhall sa ceardchan nuair d’airigh sé rud éigin ag tigheacht. Tháinig sé isteach chuige sa gceardchan agus séard a bhí ann fathach. Dubhairt an fathach leis an bhfear go marbhóchadh sé é. D’iarr an fear air gan é do mharbhú is go bhfágfhadh sé a phíopa sa cheárdchan agus go gcuirfeadh sé a inghean ar a thóir nuair a rachfadh sé abhaile.
Dubhairt an fathach go raibh sé sásta agus d’imthigh an fear leis abhaile agus chómh luath is chuaidh sé abhaile dubhairt sé leis an inghean go ndeárna sé dearmad ar a phíopa. Bhí uirthí dul píosa mór agus bhí an oidhche an dubh.
D’imthigh sí léithe agus d’imthigh nó gur casadh fear léithe. D’iarr sé díthe cá raibh sí ag dul agus d’innis sí dhó (é). sgéal. “Fan annsin thusa” a deir sé leithe “agus gabhfaidh mise ar an thóir dhuit” “Fanfaidh mé” a deir an cailín. D’fan sí agus d’imthigh leis an bhfear. Chuaidh sé isteach san gceárdchan. Bhí an fathach in a shuidhe go deas dhó féin sa gceardchan. Bhí claidheamh ag an bhfear seo in a phóca agus ní dhearna sé acht breith ar(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- Tamhnaigh an Lín, Co. Galway
- Collector
- Seán Mac An Ríogh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir