School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 426
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí bean ann fadó agus bhí fear ann a bhíodh á bualadh.”
(continued from previous page)bualadh. Tar éis a báis bhí sé lá ag cúmhdach beithdheach agus casadh dó í. Bhuail sí go millteach é agus caitheadh é iomchar abhaile.Scéal
“Bhí fear ann fadó agus bhí capall aige.”
Bhí fear ann fadó agus bhí capall aige. Gach oidhche leageadh sé an capall isteach i ngarradha cómharsan. Bhí buachaill greannmhar ar an bmaile agus bhí fios aige go ndéanadh an fear seo gach oidhche. Chuir sé brailín ar féin agus chuaidh sé amach. Nuair a bhí an fear ag cur isteach an chapaill d'éirigh an taibhse bán amach. D'éirigh an taibhse dubhamach i n-a dhiadh. Do beí seo an diabhal. Ní raibh eaglaar fhear an chapaill roimh cheachtar aca.Dubhairt sé "rith a thaibhse bháin ma bainfidh an taibhse dubh siubal asat"Scéal
“Bhí fear ann fadó ann agus bhí sé an-t-saidhbhir.”
Sgéal.
Bhí fear ann fadó ann agus bhí sé an-t-saidhbhir Níor theastuigh uaidh aon chuid dá cuid airgid a bheith ag a mhac taréis a bháis féin. Lá amháin chuaidh sé féin agus a mhac ag iasgaireacht agus thug sé leis an mála airgid. Nuair a bhíodar ar an doimhneacht chaith sé amach an mála agus chuadar abhaile. Chongbhuigh an mac aireachas ar an áit agus chuaidh sé ann arís leis féin. Dá mhéad deifreach a bhí ar ag dul ann bhí níos mó ná sin air 'á fhágail mar bhí eascun i n-a luige ar an airgead. 'Sé an diabhal a bhí 'á chúmhdach- Collector
- Áine Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 10
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway