School: Cloch Bhreac (roll number 12106)
- Location:
- An Chloch Bhreac, Co. Galway
- Teacher: Pádraig de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloch Bhreac
- XML Page 705
- XML “Cistí Óir”
- XML “An Dara Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chualaidh mé go raibh cisté óir i bhfolach ins an méall mór ar an gClochbhreac agus gúr faoí bhún Sean Sgeitheach atá sé. Chualaidh mé gúr Sean bhean a bhí ar an mbaile ins an t-shean aimsir a chuir ann é. Tá sé tugthaí síos go ndheacha sean fhear a bhí ar an mbaile dhá thoireacht aon uair amhain, agus nuair a bhí sé sgathamh máith ag cartú an chreafóg go bhfuair sé leach mór, agus nuair a thóig sé aníos an leach, chualaidh sé gúth ag rádh go raibh a shaith déantaí aige. Nuair a chualaidh an fear an gúth dímthigh sé o'n sgeitheach agus ní ndhéaca sé féin na aon fhear eile dhá thoireacht uaid sin amach.
- Collector
- Brighid Ní Mhaithnín
- Gender
- Female
- Address
- An Chloch Bhreac, Co. Galway
- Informant
- Meicheal Ó Mhaithnín
- Gender
- Male
- Address
- An Chloch Bhreac, Co. Galway
- Chualaidh mé go raibh cisté óir i bhfolach i bhpáirc an Mhúilinn i gConn-na-móna, agus gúr faoí bhún carrágan mhór(continues on next page)