School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 047
- XML “Scéal - An Triúr Dearthár”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)níor chuir sé air acht fuinneóg amháin, agus chuir sé mála óir isteach ann, agus dubhairt sé an té a mbeadh sé go mhisneach aige an mála óir a ghoid gur aige a bhí an misneach an mhuc a mharbhughadh. Nuair a chuala an fear seo faoi an mála óir dubhairt sé go bhfeachadh sé le é fhághail, agus dubhairt sé leis an ngréasaidhe a dhul leis.
Bhí siad ag imtheacht leo annsin, agus is geárr go dtáinig siad chomh fada leis an teach seo. Dubhairt an fear leis an ngréasaidhe dhul isteach i dtosach, mar bhí fhios aige go raibh geibheann éicint istigh. Chuaidh an gréasaidhe bocht isteach an fhuinneóg, agus chomh luath is a bhí sé istigh chuir sé béic as, mar ce'n áit a rachadh sé acht síos i mbairille teara, agus báthadh é.
Annsin chuaidh an fear eile isteach, agus sheas sé ar cheann an ghréasaidhe agus ghoid sé an mála óir, agus nuair a bhí sé ag imtheacht bhain sé an ceann de'n gréasaidhe le faitchios go n-aithneochaidhe é, agus thug sé abhaile leis é, agus chuir sé é lár-na bharach annsin chuaidh oncal an fir seo thart le colan an ghreasaidhe, mar bhí fhios aige dtoseochadh a mhuinntir ag caoineadh nuair a d'feiceadh siad é, acht nuair a chonnaic an fear seo ag teacht é dubhairt sé le bean an tighe gan tosaigh ag caoineadh, agus dubhairt sise nach dtoseochadh. Is geárr do dtáinig an(continues on next page)- Informant
- Mártain Seoighe
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway