School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 048
- XML “Scéal - An Triúr Dearthár”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fear isteach agus an gréasaidhe ar a ghualainn aige, agus nuair a chonnaic an bean é beigean di thosaigh caoineadh, acht ní ndearna an fear eile acht breith ar sgian agus an mhéar a sgiobadh de shean fhear a bhí sa gcluid, agus annsin dubhairt sé go raibh faitchios ortha go gcaillfidhe e, agus gur be sin an fáth a raibh siad ag caoineadh.
Tá a sáith de'n anrógh orraibh cheana adeir an fear agus d'imthigh sé, agus ní bhfuair sé amach cé ghoid an mála óir. Annsin chuir sé sgéal eile amach go raibh mála óir leagtha ar chathaoir an ríogh sa domhan thiar, agus duine ar bith a goideadh é go raibh inghean an ríogh le fághail aige. Chuala an fear seo faoi, agus dubhairt sé go bhfeachadh sé le é fhághail.
D'imthigh sé leis annsin, agus nuair a bhí sé ag dul thar páirce casadh sidheóg leis, agus bhí sé chinn de chaiple sa bpáirc, agus dubhairt an t-sidheóg leis dul ag marcuigheacht ar an gcéad cheann a dhéanfadh seitreach. Bhí an fear annsin ar feadh tamaill, agus is geárr go ndearna an capall ba mheasa, agus ba bhacaigh sa bpáirc seitreach.
Ar aon chuma chuaidh sé ag marcuigheacht ar an gcapall sin, agus ní ndhearna an capall acht(continues on next page)- Informant
- Mártain Seoighe
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway