School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dubhairt sise gur mhaith léi a dhul ann acht dubhairt seisean gan a hdul acht chuaidh sí leis faoi dheire. Fuaireadar cóisde agus dhá chapall agus thiomáineadar leó chuig teach a athar agus a mháthair. Bhíodar an sean agus díarr siad lóisdín ortha. Dubhradar nach raibh aon áit acú de na daoinibh uaisle seo. Thugadar an t-athair agus an mháthair leo agus cheannuigheadar culaith eadaigh dóibh. "An bhfuil morán clainne agat" ars an mac leis an sean-fhear. "Tá mac pósta agam, agus tá mac eile agam, agus tá siopa aige, acht tá an ceann is fearr acú an mac is óige imthighthe ó bhí sé in a stócach agus níl fhíos agam cá bhfuil sé."
"An aithneochthá é" ars an mac. "Go deimhin daithneochainn dá bhfeicfhinn é." "Bheul is mise é sin." "Go deimhin ní tú." "Bheul is mé." Chuadar amach maidin dia Domhnaigh ins an gcóisde leis an athair agus an mháthair chuig teach an phobail agus bí an sagart óg ag dul ag léigheamh aifrinn.
Nuair a bhí sé ag dul ag craitheadh(continues on next page)- Informant
- Marcus Ó Cathain
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Maum, Co. Galway