School: Corr na Móna
- Location:
- Corr na Móna, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Maille

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 231
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr na Móna
- XML Page 231
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéalBhí fear agus bean ann fadó pislín agus straoillín a bhí mar ainm ortha.
Bhí siad fíor bhocht. Lá amáin dubhairt an fear go racadh sé fhéin a saothrughadh luach mála plúir. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc chuaidh an fear a saothrughadh agus chuaidh an bhean i gcoinne mála plúir.
Nuair a tháinic an bhean abhaile chuaidh sí a deanamh cáca nuair a bhí sí a cur an phlúr ar an mbáisín thuit míol síos sa mála. Thug an bhean an mála plúir amac ar an ngarraidhe agus dhóirt sí an plúr amac ar a bféar. Dimhthigh an plúr leis an ngaoith agus chuaidh an bhean abhaile folamh. Nuair a tháinich an fear abhaile bhí sé fiadháin nuair a chonnaic sé an cleas a rinne sí.
Dubhairt sé leis an mbean rachadh mise ag obhair amáireach agus teirigh thusa ina mharghaidh agus ceannuigh muc agus nuair a thiocfas tú abhaile marbhuigh í agus leasuigh cupla das gabáiste leis i bfeóil agus bíodh sin deanta nuair a thiocfas mise abhaile amáireach.
Bhí go maith chuaidh bhean ina mharghaidh agus chuaidh(continues on next page)- Collector
- Tomas Seóighe
- Gender
- Male
- Address
- Dubhachta, Co. Galway