School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Fáirche
- XML Page 510
- XML “Tomhasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tomhsanna
Céard a bhíos ag méadu nuair bhíos tú ag baint píosa de? Poll.
Tá sé comh cruinn le mo cheann agus chomh fada le crann céard é? Ceirtlín
Céard é a bhfuil súil aige agus ní fheiceann sé tada? Fata.
Cuimhnigh ar uimhir. Cuir 6 leithi bain an chéad uimhir ar ar chuimhnig tú aisti. Déan dá leath dí. Céard é an fhuighleach tá agat? 3.
Do shuidh mé ag an bfhuinneóig. D'fhéach mé trid mo fháinne oir agus chonnaic mé an marbh ag iomchar na mbeo. Long agus daoine innti
Céard é a nigheanns uisge nach dtrimeocadh an ghrian é. Im.
Loirgne fada, corroga cama, cloigeann beag gan aon tsúil air. - An tlú
Chuaidh mé isteach sa gcoill agus thugas amach rud nár theastuigh uaim agus uile uair féachaim air ní thaithnigheann sé liom. Dealg.
Muileann iarainn agus iorball olna air, céard é - Snáthaid
Gabhann sé thart agus thart ar an urlár sa ló Agus gabhann sé na codladh sa gcúinne istoidhche An sguab.(continues on next page)