Scoil: Clochar ar an bhFáirche
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. Galway
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon lá amháin chuaidh sgata gasur isteach i gcoill ag sugradh. Chuireadar crann mór ar lasadh. Bhí oilphiast istigh ins an gcrann. Annsin tháinig fear a raibh mála aige a bhí ag criunniú caoinigh. Dubhairt an t-oilphiast leis an bhfear an mála a chaitheadh siteach aige. Dubhairt an fear nach gcaitheadh sé an mála aige mar nuair a tiocfheadh sé amach as an tine go n- íosfhadh sí é. Faoi dheire thug an fear an mála dó. Chuaidh an t-oilphiast isteach leis an mála agus thánig sí amach. Annsin nuair a tháinig sí amach dubhairt sí go raibh an tart uirthi agus go marbhochadh sí an fear. Dubhairt an fear ar son Dé gan é a ithe act é a cur ag breitheamhas an céad trí rud a casadh leo. D'imthigheadar leo annsin agus an chéad rud a chasadh leo na gearrán. D'inníseadar an sgéal de'n chapall. Dubhairt an sean ghearran gur(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlin Ní Mhainnín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceapach na gCapall, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Mainnín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceapach na gCapall, Co. Galway