School: An Fháirche (Buachaillí)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Énrí Ó Máille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá go leór deifriocht ins na tighthe abhí ann fadó agus na tighthe ata ann anois.
Bhí ceann tuighe ar an gcuid is mó do na tighthe fadó. Bhiodh sean-mhataí agus píosa ádhmaid ins an doras acú agus chaithfeadh siad a dhul ar a nglualní le dúl isteach ann bhí sé chomh híseal sin. Bhiodh na simléir déanta as ádhmad agus bhiodh cliabh ar a bhárr leis an deatach a leigeann amach.
Bhí binneana maola ar go leó do na tighthe fadó mar bhí an tuighe leigthe anuas orra. Bhí na tighthe sin an chomhang.
Bhí sean - teach ar thaobh chruich fadó agus chuaidh sagart ann ag cur holar ar shean-fhear abhí ann. Bhí sé éasgaidh a dúl isteach ann acht nuair a shíl sé a theacht amach chinn sé air agus d'fhearr sé orra cé'n chaoí a rachadh se amach.(continues on next page)- Collector
- Séamas Breathnach
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Dúráithe, Co. Galway