School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 416
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Cé an fáth a dearcann an bhó ós cionn an bhalla?
(Mar ní fhéadann sí breathnú faoi).2. Cé an fáth a phiocann an chearc an soitheach?
(Mar ní féidir leí é a liathaint).3. Siubhalann sé agus a cheann faoi?
(Táirne i mbróig).4. Faoi an teine agus ós cionn na teine agus ní chuimileann sé an teine?
(Cáca i n-oidhean).5. Céard tá níos luaithe ná girrfhiadh? (A anál).6. Tháinig sé isteach ar druim na daoine agus chuaidh sé amach chomh mín le síoda? (Móin i mála).7. Fuair mé é agus d'iarr mé é agus b'fhurasta dom fhágháil, an rud nach bhfuair Dia agus nár bhféidir leis d'fhághail? (Máighistir).8. Droichead ar loch, gan maide gan cloch? (Leac-oidhre).9. Capaillín babáilte, babáilte donn, shiubhalfadh sí Éire is ní fhliuchfadh sí a cos? (Beach).10. Rud dubh, dubh ag doras gach aon tighe? (Carn aoiligh).11. Chuaidh sé amach idir dhá mhaide agus tháinig sé isteach idir dhá uisge? (Fear ag iomchur dhá chana uisge).12. Súid sa gelúid é is dhá chéad súil air? (Pota anbhruithe)13. Firín dearg ar bhárr crainn, cloch i n-a bholg is maide i n-a ceann? (Sgeachóg).(continues on next page)- Informant
- Brighid Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Spealáin
- Gender
- Female
- Age
- 90
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway
- Informant
- Úna Ní Dhroighneáin
- Gender
- Female
- Age
- 85
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway