School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leanbhaí óga ann.
Deirtear gur thug NAOMH FHEICHÍN cuairt ar an gceanntar seo freisin fado. Tá tobar i nDún a bheannuigh sé agus tá sé an-ghar do Thobar Eanna. Tobar Feichín a tugtar air. Ní bháistear mórán leanbh i n-ainm an Naoimh sin anois.
Deirtear gur thug NAOMH PÁDRAIG cuairt ar an áit seo. Chodluigh sé oidhche ar bhárr cnuic istigh i gcarraig mhór. D'fhág sé lorg a dhá uillinn, a dhá ghluín, agus chúl a chinn sa gcarraig agus deirtear go mbeadh leigheas aon ghalar ag duine ach síneadh istigh sa leaba. Leaba Phádraig a tugtar air. Tá tobar i n-aice leis an leaba. Tugann daoine turas ann gach blian. Báistear go leor leanbhaí i n-ainm an Naoimh sin, ainm a chloistear go h-an-mhinic san gceanntar seo. Níor leigheasadh aon duine i Mám Éan ach is minic a fuair daoine rudaí a bhíodh caillte le gealladh ar turas a thabhairt go Mám Éan. Ní dhearna Naomh Pádraig aon mhíorbhailtí san aít seo. Tá lá fhéile an Naoimh ar cheann de laethe Saoire na h-Eaglaise. Lá an-mhór seadh é agus bíonn patrúin ar an bhfáirche an lá sin in a onóir.Brigid Ní Chonaire, Cloigcheam- Informant
- Brighid Ní Conaire
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway