School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 533
- XML “Seanfhoirgnithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá sean-chaisleán i Rinn Mhaoile i n-aice le Lineaín. Caisleán Énrí a tugtar air. Tá an díon leagtha dé agus cuid mhaith de na fallaí freisin. Tá amhrán ag na daoine i dtaobh an caisleán sin agus deirtear ann gur caitheadh fiche blian dhá dhéanamhm. Seo bhéarsa de:-
"Tá caisleán thiar ag Énrí,
Chaith fiche dhá dhéanamh
Is ní thiubhrtha Fata seaca air
Ar ghualainn Droichid Cille Bhrighde.Tá an amhrán seo ag moladh Droichid Chille Bhrighde i n-aice le Fionnuighthe a rinne an t-Athair Uaitéar Conway. Droicead mór seadh é ar Loch Measga.
Tá sean-teampall Protastúnach i nDún ach tá an díon ann fós. Bhí ministeár i n-a chomhnuidhe i n-aice leis go dtí deich mblian ó shoin nuair a d'imthigh sé go Cunga. Ní osgailtear an teampall anois chor ar bith mar níl aon phrotastúnach thart cé go raibh go leor acu ann fadó. Bhí sgoil Protastúnach ann freisin agus níl fághtha de anois acht na fothracha.- Informant
- Siobhán Bean Uí Floinn
- Gender
- Female
- Age
- 48
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway