Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cú agus nimh ann le Naomh Pádraig a mharbhú. Nuair a chuaidh Naomh Pádraig ag ithe thug sé faoi deara nach raibh an Págánach ag ithe agus dubhairt sé leis a bheith ag ithe, acht thug an pagánach leith-sgéal éigin dhó. Tar éis tamaill dubhairt sé leis arís a bheith ag ithe ach ní íosfadh an págánach aon rud. Annsin dubhairt Naomh Páraig leis 'muna n-iosaidh tusa an biadh go n-íosaidh an biadh thú." Annsin d'éirigh an cú a bhí ar an bpláta agus d'osgail sé a bhéal chun Naomh Páraig d'ithe acht chuimil Naomh Pádraig a lámh air agus annsin d'éírigh sé agus stróíc sé an Págánach agus d'ith sé é. Bhíodh an fionnadh in-a sheasamh suas díreach ar gach cú fadó deirtear go dtí an t-am sin a chuimil Naomh Pádraig a lámh ar an gcú sin.Nuair a tháínig Naomh Pádraig go dtí Mám Éan deirtear go raibh sé chomh tuirseach nach raibh sé i ndon níos mó de'n tír a shiubhal agus d'iarr sé ar Dhia a dhá oiread toradh agus tairbhe a bheith ar an áit nár shiubhal sé agus an áit a shiubhal sé agus tá na h-áiteanna sin níos fearr na na h-áiteann ar shiubhal sé.
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Liodáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. Galway