School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(1) Sgríobh síos aon cunntas is féidir leat fághail ó na sean daoine i dtaobh na tighthe a bhíodh ann fadó.
Fadó bhíodh tighthe déanta de clocha, agus ní bhíodh fuinneog ar bith orra agus sé an sóirt dorais a bhíodh orra clíabhanna. Ní bhíodh beanna cloch ar bith orra fadó acht iad déanta de fraoch agus de luchair.
Tighthe an beag a bhí ionnta agus ní bhíodh seomra ar bith innte acht i gcorr teach.
Istigh insan teach a bhíodh na muca aca agus ins an nGeimhreadh cuid de na beithidhigh istigh aca freisin.
(2) Cad a mbíodh mar ceann ar na tighthe sin, tuighe nó slinn nó fraoch nó cad é féin.
Fraoc agus luachair agus iad ceangluighthe le ropaí i nionad sgolb.
(3) Cá bfáightí an tuighe nó na slinne.
Gheibhidís an fraoch ar na portaigh agus an luachair i talamh bog.
(4) An mbíodh leabaidh sa cistin ins na tighthibh fadó.
Bhíodh leabaidh sa cistin ins na tighthibh fadó ins an teach nach raibh aon seomra innte.
(5) Cad é an áit sa cistin a mbíodh an(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Íornáin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Na Foraí Maola, Co. Galway