School: Rathún (Clochar) (roll number 1013)
- Location:
- Rahoon, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rathún (Clochar)
- XML Page 460
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fado nuair abhí na péin-dligthe ar siubhal in Éirinn bhí na daoine ag marbhú na sagairt. Bhí fear ann an uair sin dárbh ainm Seán Ó Mulóna agus bhí sé ag marbhú na sagairt agus mar sin tugadh Seán na Sagairt air. Bhí sé i gcomhnaidhe ag iarraidh sagart fé leith a marbhú. Chuimhnigh sé ar plan. Thosaigh sé ag leigint ar féin go raibh sé ann tinn agus dubhairt sé an sagairt a tabhairt aige go beo chun an ola a cur air ach in nuair a tháinig sé bain Sean an cloigeann de. Lá eile bhí sé ag siubhal in aice le Partra (baile beag i gCo. Muigheo) agus connaic sé sagart. Thosaigh Seán ag ritheacht ina dhiaidh. Tar éis tamaill chonnaich sé a mhac ag baint móna agus dubhairt sé leis, an sagairt a marbhú ac ní dhéanfach agus dubhairt Seán go ndéanfadh sé an cleas céadhna leis féin agus a rinne sé le na sagairt eile ac dubhairt an mac leis nac dtiocfadh sé arais cun é sin a dhéanamh. Thosaigh Sean ag rith arís agus casadh bribere air. Dubhairt an sagart leis Sean a stopadh. Rinne sé é sin agus leag sé é agus bhain sé an sgian de agus tug sé don sagart é agus dubhairt sé leis Seán a marbhú. "A! Ní dhéanfad é sin" arsa an sagairt. Muna dhéanfad déanfadse é arsa an bribere agus leis bhain sé an cheann de agus sin é deire Seán na Sagairt. Fuaireas an sgéal seo ó m'athair - Tomás O Maolalaidh, Cnoc an Doláin, Gaillimh.
- Collector
- Treasa Ní Mhaolalaidh
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Fairhill, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Maolalaidh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Fairhill, Co. Galway